14 Rinne Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí comhcheilg in aghaidh Iórám. (Bhí Iórám agus Iosrael go léir um an dtaca sin ag cosaint Rámot Gileád in aghaidh Hazáéil rí Arám;
15 ach bhí Iórám tar éis filleadh go hIzréil le leigheas a fháil ar na créachtaí a thug na hArámaigh air nuair a bhí sé ag troid le Hazáéil rí Arám.) “Más mar sin a bhraitheann sibh,” arsa Iéahú, “ná héalaíodh aon duine ón gcathair leis an scéal a bhreith go hIzréil.”
16 Ansin chuaigh Iéahú isteach ina charbad agus d'imigh go hIzréil mar a raibh Iórám ina luí; bhí Achaizíá rí Iúdá tagtha anuas ar thuairisc Iórám.
17 An fear faire ar an túr in Izréil, chonaic sé díorma Iéahú chuige agus dúirt: “Feicim díorma fear,” ar sé. Thug Iórám ordú: “Cuir eachlach ina gcoinne agus fiafraíodh sé díobh: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ”
18 Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.” Agus thug an fear faire scéala: “Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.”
19 Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”
20 Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”