19 Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”
20 Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”
21 “Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach.
22 Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”
23 Ansin d'iompaigh Iórám timpeall agus theith sé á rá: “Feall, a Achaizíá!”
24 Ach tharraing Iéahú a bhogha le lán a nirt agus d'aimsigh Iórám idir an dá shlinneán; chuaigh an tsaighead trí chroí an rí, agus thit sé ar lár ina charbad.
25 Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: “Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air: