31 Ag teacht an geata isteach do Iéahú dúirt sí: “An síocháin do ghnó, a Zimrí, a fhir mharaithe do mháistir?”
32 D'fhéach Iéahú in airde i dtreo na fuinneoige, agus dúirt: “Cé tá liom? Cé tá?” agus d'fhéach dhá choillteán nó trí anuas air.
33 “Caith anuas í,” ar sé. Agus chaitheadar anuas í agus scaip a fuil ar na ballaí agus ar na capaill, agus shatail siad faoina gcrúba í.
34 Ghabh sé isteach ansin agus chaith bia agus deoch agus dúirt: “Féachaigí chun na mná mallachta sin anois agus déanaigí í a adhlacadh mar is iníon rí í.”
35 Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana.
36 Thángadar ar ais dá bhrí sin leis an scéala sin go Iéahú, agus dúirt sé: “Sin é briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé ó bhéal Éilias an Tisbíoch: ‘Íosfaidh na madraí feoil Ízeibil i gcríocha Izréil.
37 Beidh conablach Ízeibil mar aoileach ar an ithir (i gcríocha Izréil) i dtreo nach bhféadfaidh aon duine a rá: Ba í seo Ízeibil.’ ”