5 agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. “Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,” ar sé. “Do cé acu againn go léir?” arsa Iéahú. “Duitse, a thaoisigh,” d'fhreagair sé.
6 D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.
7 Déan teaghlach Acháb do mháistir a scrios, agus déanfaidh mé fuil mo shearbhóntaí na fáithe agus searbhóntaí an Tiarna go léir a agairt ar Ízeibil.
8 Scriosfar clann Acháb go léir. Déanfaidh mé gach fireannach de shliocht Acháb, cibé acu saor nó daor, in Iosrael, a scrios.
9 Agus tabharfaidh mé an cor céanna ar shliocht Acháb le sliocht Iarobám mac Nabát agus sliocht Bháiseá mac Aichíá.
10 Maidir le Ízeibil, íosfaidh na madraí í i nduiche Izréil; ní dhéanfaidh aon duine í a chur.’ ” Ansin d'oscail sé an doras agus d'éalaigh leis.
11 Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.