Eistir (Gr) 2:12-18 ABN

12 Dé réir rialacha na mban, níorbh fholáir do gach ainnir bliain a chaitheamh á maisiú féin, mar atá, sé mhí le hola miorra agus sé mhí le cumhráin agus uinnimintí ban, sula dtiocfadh a huain chun dul isteach go dtí an rí Aisiuéaróis, mar a bhí beartaithe.

13 Nuair a théadh sí isteach chun an rí mar sin, thugtaí do gach ainnir cibé ní a d'iarrfadh sí le tabhairt léi as áras na mban go háras an rí.

14 Théadh sí isteach tráthnóna agus thagadh amach arís maidin lá arna mhárach go háras eile ban a bhí i gcúram Seaisgeaz, an coillteán a bhí ag an rí i bhfeighil na mban leapa. Ní thagadh sí chun an rí arís ina dhiaidh sin mura mbainfeadh seisean taitneamh ar leith aisti agus fios a chur uirthi as a hainm.

15 Dála Eistir, iníon Aibíochaíl, deartháir athar do Mhordacaí, an cailín úd a ghabh sé chuige mar iníon dó féin, tháinig a seal le dul isteach go dtí an rí; níor iarr sí aon ní, thar mar a bhí socair ag Héagai, coillteán an rí agus coimeádaí na mban. Ní raibh aon duine dá bhfaca í nár thug gean di.

16 Tugadh Eistir isteach ina phálás go dtí an rí Aisiuéaróis sa deichiú mí, ar a dtugtar Taebaet, sa seachtú bliain dá réimeas.

17 Thug an rí grá d'Eistir thar na mná go léir, agus ba mhó a chion agus a ghean uirthi ná ar na maighdeana eile go léir, ionas gur chuir sé an choróin ríoga ar a ceann, agus go ndearna banríon di in ionad Vaistí.

18 Rinne an rí ansin fleá mhór, .i. fleá Eistir, dá ghobharnóirí agus dá fheidhmeannaigh go léir; agus thug sé saoire do na cúigí agus bhronn tíolacthaí go fial orthu mar ba dhual do rí.