Eistir (Gr) 7 ABN

1 Chuaigh an rí agus Hámán isteach chun na fleá le hEistir an bhanríon

2 agus ar an dara lá dúirt an rí arís le hEistir, agus iad ag ól fíona: “Cén t‑iarratas atá agat, a bhanríon Eistir? Gheobhaidh tú é. Cén achainí atá agat? Fiú más é leath mo ríochta féin é, níl agat é ach é a lorg.”

3 Leis sin d'fhreagair an bhanríon Eistir: “Má tá lé agat liom, a rí, agus más toil le do mhórgacht é, iarraim coimirce m'anama mar iarratas, agus coimirce anama mo mhuintire mar achainí.

4 Óir daoradh sinn mise agus mo mhuintir chun ár scriosta agus ár marfa agus ár millte. Mura mbeadh i gceist ach sinn a reic inár ndaoir agus inár ndaoirseacha, ní osclóinn mo bhéal ina thaobh; ach mar atá an scéal, tá sé thar chumas an ghéarleantóra an dochar a dhéanfar don rí a leasú.”

5 Labhair an rí Aisiuéaróis ansin agus d'fhiafraigh sé den bhanríon Eistir: “Cé hé an fear úd a bhfuil de dhánaíocht ann a leithéid a dhéanamh agus cá bhfuil sé?”

6 D'fhreagair Eistir: “Siúd é an géarleantóir! an namhaid! Hámán na hurchóide!” Tháinig sceimhle agus scéin ar Hámán i láthair an rí agus na banríona.

7 D'éirigh an rí ón bhfleá agus fraoch feirge air agus amach leis i ngairdín an pháláis; ach d'fhan Hámán ansiúd le hanacal anama a impí ar an mbanríon Eistir, mar ba léir dó go raibh olc beartaithe ag an rí ina aghaidh.

8 Nuair a d'fhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. “Cad é seo!” arsan rí. “An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?” Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán.

9 Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: “Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.” “Croch uirthi sin é,” arsan rí.

10 Chrochadar Hámán dá bhrí sin ar an gcroch a ghléas sé féin do Mhordacaí, agus chuaigh fearg an rí chun suain.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11