2 Ansin dúirt a lucht freastail leis an rí: “Déantar cailíní áille óga a chuardach don rí,
3 agus ceapadh an rí oifigigh i ngach cúige dá ríocht leis na maighdeana áille óga go léir a bhailiú le chéile go háras na mban i ndúnfort Shúsa, faoi smacht Héagai, coillteán an rí, agus coimeádaí na mban, agus tugtar dóibh cóir a maisithe;
4 agus bíodh an mhaighdean is áil leis an rí ina banríon in áit Vaistí.” Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus rinne sé dá réir.
5 Bhí an uair úd, i ndúnfort Shúsa, Giúdach darbh ainm Mordacaí mac Iáír, mac Shimeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin;
6 tugadh eisean chun siúil ó Iarúsailéim i measc na gcimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia.
7 Thog sé Hadasá, Eistir is í sin, iníon deartháir athar leis, nuair a chaill sí a hathair agus a máthair; ba ainnir álainn sciamhach í agus ghabh Mordacaí chuige mar iníon í tar éis bháis dá hathair agus dá máthair.
8 Nuair a foilsíodh forógra an rí, cruinníodh mórán maighdean go dúnfort Shúsa agus cuireadh faoi chúram Héagai iad; tugadh Eistir freisin go pálás an rí agus cuireadh í faoi chúram Héagai, coimeádaí na mban;