Eistir (Gr) 2:9-15 ABN

9 thaitin an ainnir leis agus bhí dáimh aige léi. Ba ghairid an mhoill air cóir a maisithe agus a beatha a thabhairt di, agus seachtar ionailt tofa as teaghlach an rí; agus thug sé tosaíocht in áras na mban dise agus dá bantracht.

10 Níor nocht Eistir ámh cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, óir d'ordaigh Mordacaí di gan sin a insint.

11 Théadh Mordacaí ag siúl gach lá os comhair cúirt na mban chun go bhfaigheadh sé amach conas a bhí ag Eistir nó cad a bhainfeadh di.

12 Dé réir rialacha na mban, níorbh fholáir do gach ainnir bliain a chaitheamh á maisiú féin, mar atá, sé mhí le hola miorra agus sé mhí le cumhráin agus uinnimintí ban, sula dtiocfadh a huain chun dul isteach go dtí an rí Aisiuéaróis, mar a bhí beartaithe.

13 Nuair a théadh sí isteach chun an rí mar sin, thugtaí do gach ainnir cibé ní a d'iarrfadh sí le tabhairt léi as áras na mban go háras an rí.

14 Théadh sí isteach tráthnóna agus thagadh amach arís maidin lá arna mhárach go háras eile ban a bhí i gcúram Seaisgeaz, an coillteán a bhí ag an rí i bhfeighil na mban leapa. Ní thagadh sí chun an rí arís ina dhiaidh sin mura mbainfeadh seisean taitneamh ar leith aisti agus fios a chur uirthi as a hainm.

15 Dála Eistir, iníon Aibíochaíl, deartháir athar do Mhordacaí, an cailín úd a ghabh sé chuige mar iníon dó féin, tháinig a seal le dul isteach go dtí an rí; níor iarr sí aon ní, thar mar a bhí socair ag Héagai, coillteán an rí agus coimeádaí na mban. Ní raibh aon duine dá bhfaca í nár thug gean di.