5 Nuair a thug Hámán faoi deara nach bhfeacadh Mordacaí glúin dó agus nach dtugadh sé urraim dó, tháinig fraoch feirge air.
6 Ba scorn leis más ea lámh a leagan ar Mhordacaí amháin, mar cuireadh in iúl do cén cine gur díobh é. Bheartaigh sé na Giúdaigh go léir a bhí scaipthe ar fud ríocht Aisiuéaróis a scriosadh mar gurbh iad muintir Mhordacaí iad.
7 Sa chéad mhí, Níosán is é sin, sa dara bliain déag de réimeas Aisiuéaróis, caitheadh púr (.i. an crann) i láthair Hámán don lá agus don mhí, agus thit an crann ar an dara mí déag, Adár is é sin.
8 Ansin dúirt Hámán le hAisiuéaróis an rí: “Tá cine áirithe scaipthe go fada fairsing i measc na gciníocha eile i gcúigí uile do ríochta; ní ionann a ndlíthe agus dlíthe aon chine eile, ní choimeádann siad dlíthe an rí, agus ní oireann sé don rí cur suas leo.
9 Más áil leis an rí é, tugadh sé ordú iad a dhíothú, agus díolfaidh mise deich míle tallann airgid le riarthóirí an rí le cur sa chiste ríoga.”
10 Ansin bhain an rí an fáinne séala dá mhéar agus thug do Hámán mac Hamadátá an tAgágach, namhaid na nGiúdach é.
11 Dúirt an rí le Hámán: “Bíodh an t‑airgead agat, agus na daoine chomh maith agus déan do rogha rud leo.”