9 D'fhill Hatác, agus d'inis d'Eistir céard a dúirt Mordacaí.
10 Ansin labhair Eistir le Hatác arís agus thug sí an teachtaireacht seo leanas dó le haghaidh Mhordacaí:
11 “Is eol do sheirbhísigh uile an rí, agus do mhuintir na gcúigí, má théann aon duine, fear nó bean, isteach go dtí an rí ina chúirt inmheánach, gan fios a bheith curtha air, nach bhfuil ann dó ach an t‑aon phionós amháin - an bás, mura ndéanann an rí an tslat óir a shíneadh ina threo agus anacal anama a dhéanamh air. Agus níor cuireadh fios orm teacht i láthair an rí le deich lá fichead anois.”
12 Insíodh do Mhordacaí a ndúirt Eistir,
13 agus d'ordaigh Mordacaí an freagra seo a thabhairt ar ais chuici: “Ná bíodh aon phioc dá mhearbhall ort go rachaidh tú slán ach chomh beag le haon Ghiúdach eile cé go bhfuil tú i bpálás an rí.
14 Má fhanann tú i do thost gan focal asat, ar uair seo na faille, gheobhaidh na Giúdaigh saoirse agus fuascailt ó aird éigin eile, agus déanfar tusa agus teaghlach d'athar a scriosadh. Agus cá bhfios nach d'aonghnó, dá leithéid seo d'fhaill, a tháinig tú i gcoróin?”
15 Dúirt Eistir leo ansin an freagra seo a thabhairt chuig Mordacaí: