14 Ansin dúirt a bhean Zeiris agus a chairde go léir leis: “Gléastar croch leathchéad banlámh ar airde, agus iarr ar an rí amárach Mordacaí a chrochadh uirthi. Ansin isteach leat chun na fleá i bhfochair an rí gan mairg ar bith.” Thaitin an chomhairle sin le Hámán, agus chuir sé an chroch á gléasadh.