4 D'fhreagair Eistir: “Lá de mo shaol an lá seo; más toil leis an rí é, dá bhrí sin, tagadh sé féin agus Hámán go dtí an fhleá a ullmhóidh mé inniu.”
5 Dúirt an rí: “Tugaigí Hámán anseo go tapa le go ndéanfaimis rud ar Eistir.” Tháinig an rí agus Hámán chun na fleá a d'ullmhaigh Eistir.
6 Ag ól an fhíona dóibh, dúirt an rí arís le hEistir: “Inis dom céard atá uait; tabharfaidh mé duit é. Inis dom cén achainí atá agat orm; fiú más é leath mo ríochta é, tabharfar duit é.”
7 “Seo é m'iarratas agus m'achainí,” arsa Eistir,
8 “má tá gean an rí orm, agus más toil leis an rí m'iarratas a dheonú dom, agus géilleadh do m'achainí, tagadh an rí agus Hámán chugam amárach chun na fleá a leagfaidh mé rompu, agus déanfaidh mé rud air amárach.”
9 D'imigh Hámán amach ón rí an lá sin é go subhach somheanmnach. Ach nuair a chonaic sé Mordacaí ag geata an rí, agus gan é ag éirí ná fiú ag corraí ina láthair, tháinig taom feirge air le Mordacaí.
10 Chuir sé smacht air féin ámh; d'fhill abhaile, agus chuir fios ar a chairde agus ar Zeiris, a bhean chéile;