1 An lá ceannann céanna thug an rí Aisiuéaróis teach Hámán, géarleantóir na nGiúdach, don bhanríon Eistir. Agus tháinig Mordacaí i láthair an rí mar chuir Eistir in iúl don rí cén gaol a bhí eatarthu.
2 An fáinne séala a thug an rí do Hámán, bhain sé de arís é, agus thug é do Mhordacaí, agus chuir Eistir Mordacaí i gceannas ar theach Hámán.
3 Ansin labhair Eistir arís leis an rí. Chaith sí í féin ag a chosa á impí air go géar goirt deorach an t‑olc a bheartaigh Hámán agus a scéim urchóideach in aghaidh na nGiúdach a chur ar ceal.
4 Shín an rí an tslat ríoga óir chuig Eistir,
5 agus d'éirigh sí agus sheas os comhair an rí: “Más toil leis an rí é agus má tá lé aige liom, más ceart é m'iarratas dar leis, agus más gean leis mé, deonaíodh sé ordú a chur ar phár ag aisghairm na litreacha a chum Hámán mac Hamadátá, an tAgágach, d'fhonn na Giúdaigh go léir a dhíothú i ngach cúige de chúigí an rí.
6 Mar conas a d'fhéadfainn a bheith ag faire ar an olc agus ar an urchóid go léir atá i ndán do mo mhuintir? Conas a thiocfadh liom a bheith ag faire ar mo chine á ndíothú?”
7 Ansin dúirt an rí Aisiuéaróis leis an mbanríon Eistir agus le Mordacaí an Giúdach: “Féach! thug mé teach Hámán d'Eistir, agus crochadh é féin ar an gcroch de bhrí gur bheartaigh sé lámha a leagan ar na Giúdaigh.