14 Chuir na heachlaigh chun bealaigh ar mhuin each, a bhíodh in usaid i seirbhís an rí, le teann deabhaidh agus luais ar ordú an rí. Foilsíodh an reacht freisin i ndúnfort Shúsa.
15 Ghabh Mordacaí amach ó láthair an rí agus é feistithe i rífhallaing de ghorm is bán, le coróin mhór óir ar a cheann, agus brat de línéadach mín corcra uime; chuir cathair Shúsa na gártha áthais suas.
16 Bhí na Giúdaigh faoi ghile agus áthas, faoi aiteas agus faoi onóir.
17 I ngach cúige agus i ngach cathair dár shroich ordú agus reacht an rí, bhí áthas agus aoibhneas ar na Giúdaigh agus fleá agus féile acu. Agus rinneadh a lán de na ginte a thimpeallghearradh agus d'iompaíodar ina nGiúdaigh le heagla roimh na Giúdaigh.