3 Ansin labhair Eistir arís leis an rí. Chaith sí í féin ag a chosa á impí air go géar goirt deorach an t‑olc a bheartaigh Hámán agus a scéim urchóideach in aghaidh na nGiúdach a chur ar ceal.
4 Shín an rí an tslat ríoga óir chuig Eistir,
5 agus d'éirigh sí agus sheas os comhair an rí: “Más toil leis an rí é agus má tá lé aige liom, más ceart é m'iarratas dar leis, agus más gean leis mé, deonaíodh sé ordú a chur ar phár ag aisghairm na litreacha a chum Hámán mac Hamadátá, an tAgágach, d'fhonn na Giúdaigh go léir a dhíothú i ngach cúige de chúigí an rí.
6 Mar conas a d'fhéadfainn a bheith ag faire ar an olc agus ar an urchóid go léir atá i ndán do mo mhuintir? Conas a thiocfadh liom a bheith ag faire ar mo chine á ndíothú?”
7 Ansin dúirt an rí Aisiuéaróis leis an mbanríon Eistir agus le Mordacaí an Giúdach: “Féach! thug mé teach Hámán d'Eistir, agus crochadh é féin ar an gcroch de bhrí gur bheartaigh sé lámha a leagan ar na Giúdaigh.
8 Scríobhaigí mar is rogha libh i dtaobh na nGiúdach, in ainm an rí, agus cuirigí séala ar an scríbhinn le fáinne an rí; óir ní féidir ordú scríofa in ainm an rí agus seálaithe le fáinne an rí a chur ar ceal.”
9 Cuireadh fios ar scríobhaithe an rí ar an toirt - ba é an tríú mí é, mí Síveán, agus an tríú lá fichead den mhí - agus scríobhadh orduithe de réir mar a dheachtaigh Mordacaí, do na Giúdaigh, do na cúigigh, do na gobharnóirí agus do lucht ceannais na gcúigí go léir ón Ind go dtí an Aetóip - céad fiche a seacht gcúige - do gach cúige ina scríbhinn féin, agus do gach cine ina theanga féin, agus do na Giúdaigh ina scríbhinn agus ina dteanga féin.