1 Tháinig ordú agus reacht an rí i bhfeidhm ar an tríú lá déag den dara mí déag, mí Adár, agus an lá ar a raibh súil ag naimhde na nGiúdach le hiad a scriosadh, bhí a mhalairt de thoradh air; b'iad na Giúdaigh a scrios a naimhde.
2 Chruinnigh na Giúdaigh le chéile ina mbailte ar fud cúigí uile an rí Aisiuéaróis d'fhonn lámh a leagan ar an uile dhuine a bhí ar tí urchóid a dhéanamh dóibh, agus níor fhéad aon duine an fód a sheasamh in n‑aghaidh mar bhí scéin ar an bpobal go léir rompu.
3 Thug lucht ceannais na gcúigí, na satraipí, na gobharnóirí, agus na feidhmeannaigh ríoga lámh chúnta do na Giúdaigh le heagla roimh Mhordacaí,
4 mar ba chumhachtach é Mordacaí i dteaghlach an rí agus bhí a cháil leata ar fud na gcúigí go léir; bhí cumhacht Mhordacaí ag borradh agus ag fás i gcónaí.