12 Agus dúirt an rí leis an mbanríon Eistir: “Mharaigh na Giúdaigh cúig céad fear agus deichniúr mac Hámán chomh maith i ndúnfort Shúsa. Cad é nach bhfuil déanta acu dá réir sin i gcúigí eile an rí! Cén t‑iarratas atá agat anois? Tabharfaidh mé duit é. Cén achainí eile atá agat? Níl agat ach é a rá agus gheobhaidh tú é.”
13 Agus dúirt Eistir: “Más toil leis an rí é, bíodh sé de chead ag na Giúdaigh i Súsa déanamh de réir reacht an lae inniu amárach chomh maith. Agus crochtar deichniúr mac Hámán ar an gcroch.”
14 D'ordaigh an rí go ndéanfaí amhlaidh agus eisíodh an reacht i Súsa, agus crochadh deichniúr mac Hámán.
15 Chruinnigh na Giúdaigh i Súsa le chéile ar an gceathrú lá déag de mhí Adár agus bhásaigh siad trí chéad fear i Súsa, ach gan lámh a leagan ar an gcreach.
16 Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n‑anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde. Chuireadar seachtó cúig míle dá n‑eascairde chun báis, ach níor leag siad lámh ar an gcreach.
17 Ba é sin an tríú lá déag de mhí Adár, agus cheapadar a suaimhneas ar an gceathrú lá déag agus rinne siad lá fleá agus aoibhnis de.
18 Ach na Giúdaigh a bhí i Súsa, chruinníodar le chéile ar an tríú lá déag agus ar an gceathrú lá déag agus ba ar an gcúigiú lá déag a scoireadar agus a bhí lá fleá agus aoibhnis acu.