Eistir (Gr) 9:17-23 ABN

17 Ba é sin an tríú lá déag de mhí Adár, agus cheapadar a suaimhneas ar an gceathrú lá déag agus rinne siad lá fleá agus aoibhnis de.

18 Ach na Giúdaigh a bhí i Súsa, chruinníodar le chéile ar an tríú lá déag agus ar an gceathrú lá déag agus ba ar an gcúigiú lá déag a scoireadar agus a bhí lá fleá agus aoibhnis acu.

19 Uime sin a dhéanann na Giúdaigh, a chónaíonn sna sráidbhailte agus atá ag cur fúthu sna bailte gan bhallaí, lá aoibhnis agus fleá agus saoire den cheathrú lá déag de mhí Adár, agus lá ar a gcuireann siad togha spólaí chun a chéile. 19a Ach iad siúd atá ag cur fúthu sna cathracha, is ar an gcúigiú lá déag den mhí a bhíonn an lá aoibhnis acu agus a chuireann siad spólaí chun a chéile.

20 Chuir Mordacaí na nithe sin go léir ar phár agus sheol sé litreacha chuig na Giúdaigh go léir i gcúigí uile an rí Aisiuéaróis, i gcéin agus i gcóngar,

21 á ordú dóibh an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár a cheiliúradh mar fhéile ó bhliain go bliain,

22 mar gur ar na laethanta sin a fuair na Giúdaigh fuascailt óna naimhde agus a rinneadh gáire dá ngol, agus saoire dá gcaoineadh; agus na laethanta sin a bheith ina laethanta fleá agus aoibhnis, agus saoire, agus ina laethanta le spólaí a sheoladh chun a chéile, agus déirc a thabhairt do na boicht.

23 Bhí tús curtha ag na Giúdaigh leis na cleachtaithe sin, agus anois ghealladar go leanfaidís leo, faoi mar a scríobh Mordacaí chucu ina dtaobh: