23 Bhí tús curtha ag na Giúdaigh leis na cleachtaithe sin, agus anois ghealladar go leanfaidís leo, faoi mar a scríobh Mordacaí chucu ina dtaobh:
24 “Rinne Hámán an tAgágach, mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach go léir, ceilg ina n‑aghaidh lena scriosadh, agus chaith sé an púr, an crann is é sin, chun a scriosta agus a millte.
25 Ach nuair a tháinig Eistir i láthair an rí, thug seisean ordú i scríbhinn go bhfillfeadh an scéim dhanartha a bhí beartaithe aige in aghaidh na nGiúdach sa mhullach air féin, agus go gcrochfaí ar an gcroch é féin agus a chlann mhac.
26 Uime sin a tugadh Púirím ar na laethanta sin, ón bhfocal púr.” De bharr ar scríobhadh sa litir sin, agus a bhfaca siad féin, agus ar tharla dóibh,
27 dhearbhaigh na Giúdaigh agus ghabhadar orthu agus ar a sliocht, agus ar chách a ghabh leo, an dá lá sin a cheiliúradh gan teip gach bliain de réir mar a bhí scríofa agus ag an am a bhí ceaptha;
28 agus go gcoimeádfaí cuimhne ar na laethanta sin agus go ndéanfaí iad a chomóradh ó ghlúin go glúin i ngach teaghlach agus cúige agus cathair; agus nach ndéanfaí faillí ar laethanta sin Phúirím go brách i measc na nGiúdach, agus nach rachadh bá ar a gcuimhne i measc a sleachta.
29 Ansin scríobh an bhanríon Eistir, iníon Aibíochaíl, agus Mordacaí, an Giúdach, go lánúdarásach ag daingniú an dara litir seo faoi Phúirím.