26 Uime sin a tugadh Púirím ar na laethanta sin, ón bhfocal púr.” De bharr ar scríobhadh sa litir sin, agus a bhfaca siad féin, agus ar tharla dóibh,
27 dhearbhaigh na Giúdaigh agus ghabhadar orthu agus ar a sliocht, agus ar chách a ghabh leo, an dá lá sin a cheiliúradh gan teip gach bliain de réir mar a bhí scríofa agus ag an am a bhí ceaptha;
28 agus go gcoimeádfaí cuimhne ar na laethanta sin agus go ndéanfaí iad a chomóradh ó ghlúin go glúin i ngach teaghlach agus cúige agus cathair; agus nach ndéanfaí faillí ar laethanta sin Phúirím go brách i measc na nGiúdach, agus nach rachadh bá ar a gcuimhne i measc a sleachta.
29 Ansin scríobh an bhanríon Eistir, iníon Aibíochaíl, agus Mordacaí, an Giúdach, go lánúdarásach ag daingniú an dara litir seo faoi Phúirím.
30 Seoladh litreacha chuig na Giúdaigh go léir sa chéad fiche a seacht gcúige de ríocht Aisiuéaróis i mbriathra síochána agus fírinne,
31 á ordú dóibh laethanta seo Phúirím a cheiliúradh an tráth is dual, mar a leag Mordacaí an Giúdach agus an bhanríon Eistir síos do na Giúdaigh, agus mar a ghabh siadsan orthu féin agus ar a sliocht, idir dhualgais troscaidh agus chaointe.
32 Rinne reacht na banríona Eistir an gnás seo Phúirím a shocrú agus cuireadh ar phár é.