4 mar ba chumhachtach é Mordacaí i dteaghlach an rí agus bhí a cháil leata ar fud na gcúigí go léir; bhí cumhacht Mhordacaí ag borradh agus ag fás i gcónaí.
5 D'imir na Giúdaigh faobhar claímh ar a naimhde go léir, á scriosadh agus á marú, agus rinne siad a rogha rud leis an muintir a thug fuath dóibh.
6 I ndúnfort Shúsa féin chuir na Giúdaigh cúig céad fear chun báis,
7 agus go háirithe Pairseandátá, Dalfón, Aspátá,
8 Pórátá, Adailiá, Airíodátá,
9 Parmaisteá, Airíosaí, Airíodaí, agus Iazátá,
10 deichniúr mac Hámán mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach; ach creach níor ghabhadar.