13 Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámhaa rug greim daingean orthu go léir;leath sé líon do mo chosaagus thug orm casadh ar ais;d'fhág sé go tréigthe méagus mé go dona tinn ó lá go lá.
14 Tá mo chionta ceangailte ina gcuing;fíodh le chéile iad ina lámhasanagus ardaíodh iad ar mo mhuineál;eisean ba chúis le lagú mo nirt;thug an Tiarna ar láimh dóibh mésa chaoi nach dtig liom fanacht i mo sheasamh.
15 Na gaiscígh uile a bhíodh agam,tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh;thug sé slua le chéile i m'aghaidhchun mo chuid ógánach a chloí;tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoirar iníon fhíorógh Iúdá.
16 Sin an fáth a mbím ag caoiagus ag sileadh na súl go fuíochÓir, is fada uaim aon sólásaía mhúsclódh mo mheanma arís.Tá mo chlann mhac treascartha tréigthemar is é an namhaid a rug an bua.
17 Leathann Síón a lámha amach;níl sólásaí ar bith aici;thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóiba chomharsana a bheith naimhdeach dó;rud éigin neamhghlan ina meascis ea Iarúsailéim.
18 Is cothrom cóir é an Tiarna;ach bhí mise easumhal dá ordú;éistigí, mar sin, a chiníocha uile,agus breathnaígí ar m'ainnise;tá mo mhaighdeana agus m'ógánaighimithe uaim i mbraighdeanas.
19 Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán;ach chlis siad go léir orm;mo shagairt agus mo sheanóirí uile,díothaíodh iadsan sa chathair,nuair a bhí siad ag cuardach biachun iad féin a neartú arís.