Leabhar Na N-Olagón 4 ABN

Duainéis agus Dóchas

1 Ochón!Nach murtallach a d'éirigh an t‑ór!Cad é mar a d'athraigh an mínóragus mar atá clocha an tsanctóra scaiptheag cúinne gach sráide!

2 Clann mhac oirirc Shíón,ar fiú a gcothrom féin den ór is fearr iad,mo léan, áirítear iad mar chrúscaí cré,mar dhéantúis lámh an photaire.

3 Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑uchtagus tugann siad an chíoch dá gcoileáin;ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíochle hostraisí an fhásaigh.

4 Greamaíonn teanga an naíonáin chíchedá charball leis an tart;iarrann na leanaí arán,ach ní thugtar dóibh é.

5 An dream nach n‑itheadh ach bia beadaí,tá siad ag fáil bháis sna sráideanna;iad siúd a tógadh in éadach corcra,luíonn siad go faon ar charn dramhaíle.

6 Is mó pionósú mo phobail ionúinná smachtú Shodom,a scriosadh ar an toirtgan aon duine a leagan lámh uirthi.

7 Ba ghile a flatha ná an sneachta;ba bháine iad ná bainne;ba dheirge corp iad ná an coiréalagus ba chosúil le saifír a gcló.

8 Ach anois is duibhe a ndealramh ná súiche;ní aithnítear iad sna sráídeanna;tá an craiceann craptha ar a gcnámha;tá sé chomh seargtha le giota adhmaid.

9 B'ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomhná iad siúd a fuair bás den ghorta,a bhíodh á snoí agus á n‑ídiú go mall righincheal torthaí na talún.

10 Fiú amháin na mná, arb í an taise is dual dóibh,bhruith siad a leanaí lena lámha féin;is iad a bhíodh mar bhia acu,nuair a bhí mo phobal ionúin á scrios.

11 Lig an Tíarna a racht cuthaigh amach;tháinig lasair feirge fíochmhaire ann;d'adhain sé tine i Síón,a loisc a bunsraitheanna.

12 Níor chreid ríthe an domhain mhóirná duine ar bith dá maireann ar an saolgo rachadh namhaid nó eascara dá laghadisteach trí gheataí Iarúsailéim.

13 A mhilleán sin ar pheacaí a fáitheagus ar chionta a sagart,a dhoirt amach laistigh difuil na bhfíréan.

14 D'imigh siad ar fán trí na sráideanna ina ndaill;bhí siad truaillithe le fuil,sa chaoi nárbh fhéidir le haon duinebaint lena mbaill éadaigh.

15 “Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo,“Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!”Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún:“Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”

16 Chuir an Tiarna é féin scaipeadh orthu;níor chuimhnigh sé orthu níos mó;níor tugadh urraim do na sagairtná ómós do na seanóirí.

17 Mheath ár súile orainn,ag feitheamh dúinn ar chabhair nár tugadh;bhíodh súil in airde againn ónár dtúir fairele náisiún nach bhféadfadh linn a shlánú dáiríre.

18 Coinníodh lenár sálasa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna;bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite;níorbh fhada uainn ár dturnamh.

19 Bhí ár lucht géarleanúna níos mirená iolair an aeir;chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhteagus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.

20 Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é,gabhadh ina bpollghaiste é,an té a ndúramar faoi:“Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”

21 Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm,tusa, a chónaíonn i dtír Úz;sínfear an cupán chugatsa chomh maith;beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.

22 Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón;ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís;ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóideagus nochtfaidh sé do chuid peacaí.

Caibidlí

1 2 3 4 5