2 Bíonn sí ag gol go géar goirt san oíche;bíonn a gruanna báite le caisí deor;níl aon sólásaí ar bith aicii measc a cuid leannán;d'fheall a cairde go léir uirthi;is naimhde di iad anois.
3 D'imigh Iúdá léi ar deoraíochtchun angar agus daoirse a sheachaint;cónaíonn sí i measc na náisiúnach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann;óir, tá an tóir tar éis teacht suas léimar a bhfuil sí i gcúngrach mór.
4 Tá bóithre Shíón ag caoimar ní thaithítear a hionad teagmhála;tá a geataí uile bánaitheagus déanann a sagairt osnaíl;bíonn a maighdeana go léir á gcrá.Ó nach goirt é an seirfean atá uirthi!
5 Ag a naimhde atá an ceannas;tá a heascairde uile faoi rath;óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadhde dheasca oll-líon a peacaí;tá a leanaí imithe ina gcimíos comhair a namhad amach.
6 Tá a mórgacht uile leáiteó iníon Shíón;ba chosúil a flatha le fiannanach raibh féarach acu níos mó;bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríochroimh an tóir a cuireadh orthu.
7 Is cuimhin le Iarúsailéim anoisa laethanta angair agus fáin,nuair a thit a muintir lena naimhdeagus gan cabhróir dá laghad acu.Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti;ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
8 Pheacaigh Iarúsailéim go trom;dá dheasca sin is neamhghlan í anois;an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;óir, chonaic siad lomnocht í;ach bíonn sise ag caoineadh de shíoragus tugann sí a cúl leo.