7 Is cuimhin le Iarúsailéim anoisa laethanta angair agus fáin,nuair a thit a muintir lena naimhdeagus gan cabhróir dá laghad acu.Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti;ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
8 Pheacaigh Iarúsailéim go trom;dá dheasca sin is neamhghlan í anois;an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í;óir, chonaic siad lomnocht í;ach bíonn sise ag caoineadh de shíoragus tugann sí a cúl leo.
9 Tá a salachar féin ar a sciortaí;níor mhachnaigh sí riamh ar a raibh i ndán dí;ó nach tubaisteach é a turnamh!Níl sólásaí ar bith aici.“Féach, a Thiarna, ar m'ainnise;is ag mo naimhde atá an bua.”
10 Shín a heascairde a lámha amachchun a maoinese go léir;chonaic sise na náisiúinag réabadh isteach ina sanctóir -an dream ar chros tú féin orthudo chomhthionól a thaithí.
11 Bíonn a muintir uile ag éamhagus arán á lorg acu;malartaíonn siad a n‑iarmhais ar bhiachun iad féin a neartú arís.“Féach, a Thiarna, agus breathnaighar an drochmheas a chaitear orm.
12 Sibhse uile a thriallann thar bráid,breathnaígí agus féachaigían bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa -mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí,a chuir an Tiarna féin orm,ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
13 Ón aird thuas chuir sé tine isteach i mo chnámhaa rug greim daingean orthu go léir;leath sé líon do mo chosaagus thug orm casadh ar ais;d'fhág sé go tréigthe méagus mé go dona tinn ó lá go lá.