12 Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha“Cá bhfuil an t‑arán (agus an fíon)?”agus iad ag titim mar dhaoine gontai gcearnóga an bhaile,agus an t‑anam ag sceitheadh astui mbaclainn a máithreacha.
13 Cá bhfaighidh mé do leithéid nó do shamhail,a iníon Iarúsailéim?Cad leis a samhlóinn thú chun tú a shólású,a iníon ógh Shíón?Óir, tá do scrios chomh leathan leis an bhfarraige.Cé a fhéadfaidh thú a leigheas?
14 Chonaic do chuid fáithe thar do cheannfíseanna folmha fealltacha;níor nocht siad duit d'urchóid,rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint;ní bhfuair siad thar do cheann sna físeannaach oracail bhréagacha mhealltacha.
15 Na daoine uile a ghluaiseann tharat,buaileann siad a mbosa i d'aghaidh;déanann siad faireach agus croitheann siad a gceannle hiníon Iarúsailéim:“An í seo an chathair ar glaodh uirthi:‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”
16 Osclaíonn do naimhde uile a gcraoschun tú a shlogadh;déanann siad faireach agus díoscán fiacal;“Tá sí slogtha siar againn,” deir siad,“is é seo an lá a rabhamar ag súil leis;tá sé buailte linn anois go soiléir.”
17 Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige;an rabhadh a thug sé fadó riamhtá sé curtha i gcrích aige anois;tá sé tar éis tú a threascairt gan trua;rinne sé ábhar suilt do do naimhde díotagus chuir sé go mór lena gcumhacht.
18 Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,a bhalla iníon Shíón;bí ag tál na ndeor ina dtuilede lá agus d'oíche;ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;nár thriomaí do shúile choíche.