18 Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna,a bhalla iníon Shíón;bí ag tál na ndeor ina dtuilede lá agus d'oíche;ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin;nár thriomaí do shúile choíche.
19 Éirigh! Glaoigh amach san oíchei dtús gach seala faireacháin!lig do racht bróin amach mar thuilei láthair an Tiarna!Ardaigh chuige do lámhaar son bheatha do leanaí óga,(atá ag titim i laige le hocrasag béal gach uile shráide).
20 Féach, a Thiarna, agus breathnaighar cé hí ar chaith tú léi mar seo;ní féidir gurbh éigean do mhnánaíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe;ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithea mharú i sanctóir an Tiarna!
21 Tá óg agus aosta ina luíar an talamh sna sráideanna;tá m'ógfhir agus mo mhaighdeana tar éis titimle faobhar an chlaímh;tusa a mharaigh iad ar lá do dhíbheirge;rinne tú sléacht orthu gan trua.
22 Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh,mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile;níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéilar lá dhíbheirge an Tiarna;an chlann a rug agus a thóg mé,dhíothaigh mo namhaid iad go léir.