6 Scrios sé an gairdín agus a bhoth;chreach sé a ionad teagmhála;i Síón chuir an Tiarna ar cealan tionól féiliúil agus an tsabóid;le racht cuthaigh thug sé droim láimhedon rí agus don sagart araon.
7 Rinne an Tiarna a bheag dá altóir;ghlac sé fuath dá shanctóir;chuir sé ballaí a caisleáni seilbh a naimhde nimhneacha;tógadh gártha i dteach an Tiarnamar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
8 Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamhde bhalla iníon Shíón;shín sé an dorú tomhais leisagus níor stad sé go raibh sé scriosta;chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhúnsa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.
9 Tá a geataí sáite sa talamh;mar réab sé agus bhris sé a mbarraí;tá a rí agus a flatha i measc na náisiúnagus níl aon dlí ann níos mó;go fiú ní bhfaigheann a cuid fáitheaon fhís ar bith ón Tiarna.
10 Tá seanóirí iníon Shíónina suí ar an talamh ina dtost,luaithreach caite ar a gceann acuagus iad gléasta in éadach róin;tá a gceann cromtha go talamhag maighdeana Iarúsailéim.
11 Tá mo shúile tnáite le caoineadhagus a bhfuil istigh ionam corraithe cráite;tá mo chroí á reabadh le brónmar gheall ar léirscrios mo phobail ionúin;óir tá naíonáin agus leanaí cícheag snoí i gcearnóga na cathrach.
12 Bíonn siad ag fiafraí dá máithreacha“Cá bhfuil an t‑arán (agus an fíon)?”agus iad ag titim mar dhaoine gontai gcearnóga an bhaile,agus an t‑anam ag sceitheadh astui mbaclainn a máithreacha.