19 Cuimhnigh ar m'angar agus ar mo chuid fánaíochta,ar an mormónta agus ar an domlas.
20 Is cuimhin liomsa go sármhaith iadagus tá mo chroí spíonta istigh orm dá bharr.
21 Ach tabharfaidh mé an smaoineamh seo chun mo chuimhne,mar is é fáth mo dhóchais é:
22 Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarnaagus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.
23 Athnuaitear iad gach maidin;óir is daingean í a dhílseacht.
24 “Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim,“is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”
25 Is maith é an Tiarna don té a choimeádann súil in airde leis,don duine a bhíonn á lorg.