52 An dream a bhí ina naimhde agam gan chúis,chuaigh siad sa tóir orm mar éan.
53 Chaith siad beo mé síos sa charcairagus dhún siad le cloch orm í.
54 D'éirigh an t‑uisce os mo chionnagus dúirt mé: ‘Tá deireadh liom!’
55 Ghlaoigh mé ar d'ainm, a Thiarna,ó íochtar na carcrach doimhne.
56 Chuala tú mo ghuí: ‘Ná tabhair an chluas bhodhardo m'éamh agus mé ag iarraidh faoisimh.’
57 Dhruid tú i mo leith an lá a ghlaoigh mé ortagus dúirt: ‘Ná bíodh eagla ort.’
58 D'agair tusa, a Thiarna, an chúis a raibh mo bhás ag brath uirthiagus d'fhuascail tú m'anam.