16 Tá an choróin tar éis titim dár gceann;is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.
17 Is é fáth a bhfuil ár gcroíthe go dona tinnagus ár súile go dúdhorcha dall:
18 toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigtheagus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.
19 Ach maireann tusa, a Thiarna, i do rí go brách;beidh do ríchathaoir ann ó ghlúin go glúin.
20 Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deoagus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain?
21 Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort;athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód.
22 Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach,is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.