3 Dílleachtaí is ea sinn de cheal athar;baintreacha is ea ár máithreacha.
4 An t‑uisce a ólaimid, caithfimid é a cheannach;bíonn orainn íoc as ár n‑adhmad féin.
5 Tá [cuing] ar ár muineál agus tiomáintear go róghéar sinn;nuair a bhímid traochta, ní thugtar sos dúinn.
6 Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh,chun ár ndóthain bia a fháil.
7 Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó;is orainne a agraítear a gcionta.
8 Tá sclábhaithe dár rialú;agus níl duine ann chun sinn a fhuascailt uathu.
9 Is i mbaol ár n‑anama a fhaighimid soláthar biamar gheall ar shladaithe an fhásaigh.