Nihimiá 11 ABN

An Daonra

1 Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.

2 Chuir an pobal a mbeannacht ar gach duine a bhí toiltineach cur faoi in Iarúsailéim.

3 Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.

4 Chuir cuid de shliocht Iúdá agus de shliocht Bhiniáimin fúthu in Iarúsailéim. De shliocht Iúdá: Atáiá mac Úizíá, mac Zacariá, mac Amairiá, mac Sheafatiá, mac Mhahalael, de shliocht Pheiriz,

5 Másaeiá, mac Bhárúc, mac Chol Hoize, mac Hazáiá, mac Adáiá, mac Ióiáiríb, mac Zacairiá, de shliocht Shéalá.

6 Ba é líon iomlán sliocht Pheiriz a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim ná ceithre chéad seasca a hocht fear inghníomha.

7 Seo iad sliocht Bhiniáimin: Salu mac Mhisiulám, mac Ióéid, mac Phadáiá, mac Chóláiá, mac Mhásaeiá, mac Ítíéil, mac Isiá,

8 agus a ghaolta, fir inghníomha, naoi gcéad ochtar agus fiche díobh.

9 Bhí Ióéil mac Zicrí i gceannas orthu, agus Iúdá mac Hasanúá ina thánaiste i bhfeighil na cathrach.

10 De na sagairt: Iadaiá mac Ióiáiríb, mac

11 Sharáiá, mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichitiúb, reachtaire Theampall Dé,

12 agus a ghaolta a bhí i bhfeighil liotúirge an Teampaill, ocht gcéad agus beirt agus fiche; Adáiá mac Iarochám, mac Phalailiá, mac Aimzí, mac Zacairiá, mac Phaischiúr, mac Mhailcíveá,

13 agus a ghaolta, cinn finí, dhá chéad agus beirt agus daichead; Amasaí mac Azarael, mac Achzaí, mac Mhisiléamót, mac Iméir,

14 agus a ghaolta, fir inghníomha, céad ochtar ar fichid. Bhí Zaibdíéil mac Hagadól i gceannas orthu.

15 De na Léivítigh: Samáiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, mac Bhúiní;

16 Seabataí agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, a bhí i bhfeighil na hoibre lasmuigh ar Theampall Dé.

17 Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.

18 Ba é líon iomlán na Léivíteach sa chathair naofa ná dhá chéad agus ceathrar ar ochtó.

19 Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó.

20 Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;

21 bhí Uizí mac Bháiní, mac Haisibiá, mac Mhatainiá, mac Mhíceá, i gceannas ar na Léivítigh in Iarúsailéim; bhain seisean le clann Ásáf a bhí i bhfeighil cheol an liotúirge i dTeampall Dé.

22 Bhí reacht ríoga ann i dtaobh na gcantairí agus leag sé síos rialacha faoina ndualgas a bheith i láthair ó lá go lá.

23 Bhí Pataichiá mac Mhiséazabael, de chlann Zearach, mac Iúdá, i gceannas ar gach ar bhain leis an bpobal in ainm an rí.

24 Chuir an chuid eile de chlann Iosrael fúthu i mbailte Iúdá, gach duine ina oidhreacht féin,

25 agus i sráidbhailte faoin tuath ina ndúichí féin. Chuir cuid de chlann Iúdá fúthu i gCiriat Arba agus ina shráidbhailte máguaird, i nDíobón agus ina shráidbhailte máguaird, i Iacabzael agus ina shráidbhailte,

26 i Iéisiúa, i Moládá, i mBéit Peilit,

27 i Hazar Seúál, i mBéar Seaba agus ina shráidbhailte,

28 i Zicleag, i Maconá, agus ina shráidbhailte,

29 in Éan Rimeon, i Zorách, i Iarmút,

30 i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom.

31 Chuir cuid de shliocht Bhiniáimin fúthu i nGeba, i Micmeas, in Avá, i mBéitéil agus ina shráidbhailte,

32 in Anátót, i Nob, in Anainiá,

33 i Hazór, i Rámá, i nGiotaím,

34 i Háidíd, i Zaboím, i Naballát,

35 i Lod, in Ónó, agus i nGleann na gCeardaithe. 36 Chuir gasraí áirithe Léivíteach fúthu in Iúdá chomh maith le i mBiniáimin.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13