17 Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.
18 Ba é líon iomlán na Léivíteach sa chathair naofa ná dhá chéad agus ceathrar ar ochtó.
19 Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó.
20 Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;
21 bhí Uizí mac Bháiní, mac Haisibiá, mac Mhatainiá, mac Mhíceá, i gceannas ar na Léivítigh in Iarúsailéim; bhain seisean le clann Ásáf a bhí i bhfeighil cheol an liotúirge i dTeampall Dé.
22 Bhí reacht ríoga ann i dtaobh na gcantairí agus leag sé síos rialacha faoina ndualgas a bheith i láthair ó lá go lá.
23 Bhí Pataichiá mac Mhiséazabael, de chlann Zearach, mac Iúdá, i gceannas ar gach ar bhain leis an bpobal in ainm an rí.