3 Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.
4 Chuir cuid de shliocht Iúdá agus de shliocht Bhiniáimin fúthu in Iarúsailéim. De shliocht Iúdá: Atáiá mac Úizíá, mac Zacariá, mac Amairiá, mac Sheafatiá, mac Mhahalael, de shliocht Pheiriz,
5 Másaeiá, mac Bhárúc, mac Chol Hoize, mac Hazáiá, mac Adáiá, mac Ióiáiríb, mac Zacairiá, de shliocht Shéalá.
6 Ba é líon iomlán sliocht Pheiriz a bhí ag cur fúthu in Iarúsailéim ná ceithre chéad seasca a hocht fear inghníomha.
7 Seo iad sliocht Bhiniáimin: Salu mac Mhisiulám, mac Ióéid, mac Phadáiá, mac Chóláiá, mac Mhásaeiá, mac Ítíéil, mac Isiá,
8 agus a ghaolta, fir inghníomha, naoi gcéad ochtar agus fiche díobh.
9 Bhí Ióéil mac Zicrí i gceannas orthu, agus Iúdá mac Hasanúá ina thánaiste i bhfeighil na cathrach.