26 Matainiá, Bacbuiciá agus Obaidiá. Bhíodh na gardaí geata, Misiulám, Talmón agus Acúb, ag faire ag na stórais le hais na ngeataí.
27 Sin mar a bhí acu le linn Ióiácaím mac Iéisiúa, mac Iózádác, agus Nihimiá an gobharnóir, agus Eazrá, sagart agus scríobhaí.
28 Nuair a bhí balla Iarúsailéim le coisreacan, cuireadh fios ar na Léivítigh, cibé ball a raibh cónaí orthu, teacht go Iarúsailéim d'fhonn go ndéanfaí an coisreacan a cheiliúradh le hiomainn bhuíochais, le ceol ciombail, cláirsí agus cruite.
29 Tháinig clann na gcantairí le chéile ón tuath timpeall Iarúsailéim, ó shráidbhailte na Natofátach,
30 ó Bhéit Gilgeál, ó dhúichí Gheaba agus Azmávat, mar bhí sráidbhailte tógtha ag na cantairí dóibh féin ar fud Iarúsailéim ar fad.
31 Rinne na sagairt agus na Léivítigh iad féin a ghlanadh, ansin an pobal, na geataí agus an balla.
32 Thug mé faoi deara ansin do cheannairí Iúdá teacht ar bharr an bhalla, agus d'eagraigh mé dhá chór mhóra le buíochas a bhreith agus dul ar mhórshiúl. Ghabh an chéad cheann deiseal ar feadh bharr an bhalla i dtreo Geata an Aoiligh.