29 Tháinig clann na gcantairí le chéile ón tuath timpeall Iarúsailéim, ó shráidbhailte na Natofátach,
30 ó Bhéit Gilgeál, ó dhúichí Gheaba agus Azmávat, mar bhí sráidbhailte tógtha ag na cantairí dóibh féin ar fud Iarúsailéim ar fad.
31 Rinne na sagairt agus na Léivítigh iad féin a ghlanadh, ansin an pobal, na geataí agus an balla.
32 Thug mé faoi deara ansin do cheannairí Iúdá teacht ar bharr an bhalla, agus d'eagraigh mé dhá chór mhóra le buíochas a bhreith agus dul ar mhórshiúl. Ghabh an chéad cheann deiseal ar feadh bharr an bhalla i dtreo Geata an Aoiligh.
33 Lean Hóiseaiá agus leath ceannairí Iúdá iadsan,
34 agus Azairiá, Eazrá, Misiulám,
35 Iúdá, Miniáimín, Seamaiá agus Irimia;