44 Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.
45 Ceapadh fir ansin le bheith i gceannas na seomraí do na stóir, do na hofrálacha, na céadtorthaí agus na deachúna, d'fhonn go mbaileoidís isteach iontu na sciaranna úd ó na bailte fearainn a dheonaigh an dlí do na sagairt agus do na Léivítigh. Óir ba ábhar áthais ag Iúdá na sagairt agus na Léivítigh i mbun a ndualgas.
46 Iadsan a cheiliúradh liotúirge a nDé agus a dhéanadh cúraimí an íonghlanta - agus na cantairí agus na gardaí geata mar aon leo de réir reachtanna Dháiví agus a mhic Solamh.
47 Óir ón seansaol, ó laethanta Dháiví agus Ásáf, bhíodh cuallachtaí cantairí ann agus cainticí molta agus buíochais á ngabháil do Dhia.
48 I laethanta Zarubáibil agus Nihimiá dá réir sin bhíodh a sciar cuí le haghaidh an lae á thabhairt ag Iosrael go léir do na cantairí agus do na gardaí geata. Chuiridís a gcuid naofa i leataobh do na Léivítigh, agus chuiridís-sean a gcuid i leataobh do chlann Árón.