1 Bhíodar ag léamh as leabhar Mhaois don phobal um an dtaca sin agus fuair siad scríofa ann: “Ní bheidh cead isteach go deo i gcomhthionól Dé ag an Amónach ná ag an Móábach
2 de bhrí nár thángadar in araicis chlann Iosrael le harán agus le huisce. D'fhostaigh siad Balám ina n‑aghaidh le mallacht a chur orthu ach rinne ár nDia beannacht den mhallacht.”
3 A luaithe a chuala an pobal an dlí, dheighil siad gach aon duine de phór deoranta ó Iosrael.
4 Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá,
5 agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt.
6 Fad a bhí sé seo go léir ar siúl bhí mé féin as baile ó Iarúsailéim, mar sa dara bliain tríochad de réimeas Artaxarxaes rí na Bablóine chuaigh mé d'fhios an rí. Ach tar éis tamaill d'iarr mé cead imeacht air,