20 Uair nó dhó chaith ceannaithe, agus mangairí gach sórt earra, an oíche lasmuigh de Iarúsailéim.
21 Ach bhagair mé orthu: “Cén fáth a bhfuil sibh ag caitheamh na hoíche le taobh an bhalla? Má dhéanann sibh amhlaidh arís, díolfaidh sibh as uaimse!” As sin amach níor tháinig siad ar an tsabóid a thuilleadh.
22 D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.
23 Chonaic mé freisin an t‑am úd Giúdaigh a phós mná ó Aisdeod, ó Amón agus ó Mhóáb.
24 Maidir le leanaí, labhair leath acu teanga Aisdeod nó teanga cheann de na ciníocha eile, ach gan teanga Iúdá ar a gcumas.
25 Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.
26 Nach mar sin a pheacaigh Solamh rí Iosrael; ní raibh riamh rí mar é i measc na náisiún go léir; ghráigh a Dhia é; rinne Dia rí ar Iosrael go léir de; mar sin féin ba shiocair pheaca fiú dósan mná deoranta.