1 Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.
2 Fir Ireachó a thóg taobh leo, agus [taobh leosan] Zacúr mac Imrí.
3 Clann mhac Hasaná a thóg Geata an Éisc; leagadar síos a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
4 Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;