14 Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
15 Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.
16 Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;
17 taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;
18 taobh leis-sean rinne a mbráithre deisiú; Bávaí mac Haenádád, uachtarán ar leath dhúiche Cheíliá;
19 taobh leis-sean rinne Éizir mac Iéisiúa, uachtarán Mhizpeá, stráice eile a dheisiú ar aghaidh ard na hArmlainne i dtreo na hUilleann.
20 Taobh leis-sean rinne Bárúc mac Zabaí stráice eile a dheisiú ón Uillinn chomh fada le doras theach Eiliáisíb an t‑ardsagart;