34 agus dúirt i láthair a ghaolta agus maithe na Samáire: “Cén fuadar atá faoi na truáin Ghiúdacha seo? [An bhfuil siad le tosú?] An dóigh leo nach bhfuil ann ach gnó lae acu? An dóigh leo gur féidir dóibh anam a chur arís sna clocha seo, na clocha dóite seo, a sciob siad ó na cnocáin luaithrigh?”
35 Bhí Tóibíá an tAmónach taobh leis, agus dúirt sé: “Tógaidís leo! má phreabann sionnach ar a mballa, leagfaidh sé na clocha anuas!”
36 Féach, cad é drochmheas atá orainn, a Dhia linn! Tabhair a n‑asacháin sa mhullach orthu féin! Cuir táir orthu i dtír éigin ina dtiomáinfear iad ar deoraíocht.
37 Ná ceil a gciontacht agus ná scrios a bpeaca as do radharc, óir ghriog siad chun feirge thú os comhair lucht na tógála.
38 Bhíomar ag atógáil an bhalla idir an dá linn, agus ba ghearr go raibh sé leath slí suas timpeall ar fad mar go raibh fonn oibre ar na daoine.