4 Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;
5 taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí.
6 Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
7 Taobh leosan rinne Malaitiá ó Ghibeón, agus Iádón ó Mhaeronot deisiú, agus fir Ghibeón agus Mhizpeá ar son gobharnóirí an chúige thar Eofrataes.
8 Taobh leosan rinne Úizíéil, ball de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú; taobh leis-sean rinne Hanainiá de chuallacht na gcumhróirí deisiú; rinne siad Iarúsailéim a dhaingniú chomh fada le [Balla na Cearnóige];
9 taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;
10 taobh leosan rinne Iadáiá mac Harúmaf deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Hatúis mac Haisibniá deisiú;