8 Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d'éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: “Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.”
9 Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d'imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa.
10 Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,
11 a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile.
12 Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m'ais.
13 Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.
14 Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.”