1 Ansin chrom na gnáthdhaoine agus a gcuid ban ag gearán go géar agus go garg in aghaidh a gcomhGhiúdach.
2 Dúirt cuid acu: “Tá d'iallach orainn ár mic agus ar n‑iníonacha [a mhalartú] chun go leor arbhair a fháil le hithe agus le teacht slán.”
3 Dúirt cuid eile acu: “Tá d'iallach orainn ár dtailte, ár bhfíonghoirt agus ár dtithe a chur i ngeall le harbhar a fháil le linn an ghorta.”
4 Dúirt a thuilleadh fós acu: “Chaitheamar iasacht airgid a fháil, agus dul i mbannaí chuige sin lenár dtailte agus lenar bhfíonghoirt chun cáin an rí a íoc;