3 Dúirt cuid eile acu: “Tá d'iallach orainn ár dtailte, ár bhfíonghoirt agus ár dtithe a chur i ngeall le harbhar a fháil le linn an ghorta.”
4 Dúirt a thuilleadh fós acu: “Chaitheamar iasacht airgid a fháil, agus dul i mbannaí chuige sin lenár dtailte agus lenar bhfíonghoirt chun cáin an rí a íoc;
5 agus cé gur d'aon mhianach ar bhfeoilne agus feoil ar mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n‑iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n‑iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.”
6 Nuair a chuala mé an gearán agus an chaint sin, bhí an-fhearg orm.
7 Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: “Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!” Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo.
8 Dúirt mé leo: “Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a b'fhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!” Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu.
9 Lean mé orm dá bhrí sin: “Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint?