1 Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann - cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós -
2 chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: “Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.” Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom.
3 Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”
4 Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu.
5 Chuir Sanballat, ar an intinn chéanna, a sheirbhíseach chugam den chúigiú huair le litir oscailte.