15 Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead d'Ealúl.
16 Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus d'admhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích.
17 I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha óThóibíá ag teacht chucu;
18 mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá.
19 Bhídís fiú ag maíomh a dhea-ghníomhartha os mo chomhair féin, agus chuiridís tuairisc ar mo chuid cainte ar ais chuige. Agus lean Tóibíá air ag cur litreacha chugam le scanradh a chur orm.