1 Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).
2 Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
3 Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”
4 Ba mhór agus b'fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha.
5 Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d'fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D'aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d'fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:
6 Seo iad muintir an chúige a d'fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d'fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.